Skip to content Skip to footer

An Cumann le Béaloideas Éireann

Ceann de na cumainn acadúla is sine in Éirinn is ea An Cumann le Béaloideas Éireann, a bunaíodh i 1927. An aidhm a bhí acu ná béaloideas na hÉireann – scéalta, amhráin, stair bhéil agus an-chuid eile – a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú. Cuireann mana an chumainn – Colligite quae superaverunt fragmenta, ne pereant – Ioan. vi 12 (Bailigh na hiarsmaí le nár éaga siad) – smaointe a chéadbhunaithóirí in iúl. Ón tús, spreag an cumann bailiú an bhéaloidis. D’eagraigh sé léachtaí agus cainteanna ar ábhair  bhéil agus d’fhoilsigh siad iris dar teideal Béaloideas.

Cén chaoi ar thosaigh sé?

Thionóil an grúpa ar mian leo An Cumann le Béaloideas Éireann a bhunú an chéad chruinniú i Mí na Samhna 1926 agus cuireadh bonn foirmiúil faoin gCumann i Mí Eanáir 1927. Ar na hoifigigh tosaigh a bhí ar an gCumann bhí Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’), Dubhghlas de hÍde (‘An Craoibhín Aoibhinn’) agus Séamus Ó Duilearga /9James Hamilton Delargy), scoláire béaloidis, a bhunaigh Coimisiún Béaloideas Éireann, i 1935l. Mar a dúradh in eagarfhocal an chéad uimhir den chéad eagráin den iris Béaloideas a foilsíodh i mí an Mheithimh 1927, ba í aidhm an Chumainn béaloideas na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú. Ós rud é go raibh páirt lárnach ag an gCumann i múscailt spéis an phobail sa bhéaloideas, ghlac Rialtas na hÉireann an cinneadh Coimisiún Béaloideasa Éireann a chur ar bun sa bhliain 1935. Chomh maith leis an iris Béaloideas, tháinig foilseacháin eile ón gCumann i rith na mblianta, ina measc A Handbook of Irish Folklore (1942) le Seán Ó Súilleabháin, leabhar a bhfuil clú agus cáil air go hidirnáisiúnta. Eagraíonn an Cumann sraith léachtaí gach bliain ar ghnéithe éagsúla den traidisiún pobail. Tá sé de cheart ag baill an Chumainn freastal ar léachtaí agus cóip de Béaloideas a fháil ach an táille bhliantúil a íoc.

Ghlac institiúidí eile le cuid de na feidhmeanna a bhí ag an gCumann thar na blianta. I 1935, bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann. Toisc gur fhostaigh an Coimisiún grúpa bailitheoirí lán-aimseartha, bhí saoirse ag an gCumann díriú ansin ar bhéaloideas a fhoilsiú, go háirithe ina iris Béaloideas, chomh maith le léachtaí poiblí a eagrú agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún i mbealaí éagsúla praiticiúla.

Foilsítear Béaloideas go bliantiúil fós agus tháinig athrú nádúrtha ar dhearadh agus ábhair na hirise thar na blianta. Ar feadh blianta, foilsíodh téacsanna béil ann: scéalta, amhráin agus a léithéid. Tá fáil níos fairsinge anois ar an ábhar seo ar shuíomhanna idirlín cosúil le dúchas.ie. Sna seachtóidí luatha, i ndiaidh bhunú Bhéaloideas Éireann mar ábhar acadúil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, cuireadh béim san iris ar ailt acadúla a phléigh agus a rinne anailís ar an mbéaloideas agus is é ceann de na príomhirisí ar scoláireacht an bhéaloidis ó shin i leith é, ag foilsiú alt ar ardchaighdeán acadúil ar gach gné den bhéaloideas, chomh maith le léirmheasanna ar na foilsiúcháin shuntasacha is déanaí.

Eagraíonn an Cumann trí nó ceithre léacht san fhómhar agus san earrach gach bliain, chomh maith le Cruinniú Ginearálta Bliantiúil, a eagraítear de ghnáth ar an Luan deireanach de mhí Eanáir. Reáchtáiltear na léachtaí Dé Luain go hiondúil agus clúdaítear réimse leathan ábhar iontu. Le déanaí, bhí léachtaí againn mar gheall ar thionscnaimh bhéaloidis urbaigh i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, faoi scéalaí ar leith ó na 1940idí i gCo. an Chláir, faoi stair na hiománaíochta agus mórán eile, chomh maith le hoíche scéalaíochta.

Ba i dTeach Newman, Faiche Stiabhna a reáchtáladh léachtaí An Chumainn le Béaloideas Éireann thar na blianta, i gcóngar 84 Faiche Stiabhna, áit a raibh Coimisiún Béaloideasa Éireann ag feidhmiú ann go dtí 1971. Thart ar fhiche bliain ó shin bhog na léachtaí go CÓBÁC, Belfield. Le cúig bliana anuas chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara fáilte chroíúil roimh an gCumann agus tá súil againn leanúint orainn ag úsáid an ionaid álainn lárnaigh seo dár n-ócáidí. Reáchtáil an Cumann léachtaí ar líne le linn na paindéime agus tá seans mhór ann go leanfaidh sé seo ar aghaidh go dtí deireadh 2021. Tá seans ann anois chomh maith go ndéanfar  léachtaí fíorúla a reáchtáil fós amach anseo, chomh maith leis na léachtaí a thabharfar aghaidh le haghaidh.

Is cumann neamhspleách é An Cumann le Béaloideas Éireann ach tá nasc láidir aige leis An gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil Cnuasach Bhéaloideas Éireann, comharba Choimisiún Béaloideasa Eireann, lonnaithe ann.

Tá ballraíocht an Chumainn oscailte d’aon duine. Faigheann baill an chumainn cóip de Béaloideas gach bliain agus faigheann siad cuireadh do gach ócáid a reáchtálann an Cumann. Tacaíonn an bhallaraíocht le foilsiú leanúnach Béaloideas agus le soláthar cainteanna agus díospóireachtaí ar bhéaloideas na hÉireann agus ar bhéaloideas idirnáisiúnta do lucht leathan spéise. Is féidir sonraí a fháil ar conas ballraíocht a ghlacadh leis an gCumann ar an suíomh seo.